- West Waterford Greens
Aighneacht - Bille na dTeangacha Oifigiúla a láidriú.
Scríobh Ionadaí Áitiúil an Chomhaontais Ghlais i nDún Garbhán, Críostóir Ó Faoláin chuig Roinn na Meán, Turasóireachta, Ealaín, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla a láidriú.

Tá bille níos láidre le bheith achtaithe roimh dheireadh na bliana.
Dúirt Críostóir Ó Faoláin:
"Fáiltím roimh an dearbhú ón Aire Martin go bhfuil sí sásta cluas éisteachta a thabhairt do mholtaí an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge maidir le conas an bille a láidriú."
Seacht mbliain ó shin, chuir an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin dhá cheist maidir le leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla:
An gcinnteofar, sna leasuithe ar an Acht, go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll?
An ndéileálfar ag an am céanna le ceist na teanga in earcaíocht foirne don chóras poiblí i gcoitinne?
"Tá sé thar am freagra a thabhairt ar na ceisteanna seo. Tá deis tábhachtach ag an stáit beart a dhéanamh de réir briathar anois agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú leis an mbille atá á ullmhú i láthair na huaire."
"Ag deireadh na dála, is ceist cearta í deis a bheith ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid. Cearta daonna is ea cearta teanga agus tá dualgas ar an stáit cearta teanga daoine in Éirinn a chosaint i ngach réimse den saol."
Aighneacht